Clannad

Clannad - Eirigh 'S Cuir Ort do Chuid ̉ۡadaigh lyrics

Your rating:

 

 Eirigh 's cuir ort do chuid éadaigh Go mbearraidh mé féin do chúl 

 Go dté muid 'soir easpag na hÉirne Go gceangaltar mé 'gus tú 

 Bhí grá 's cion agam féin ort A chuid 'en tsaol éalaigh liom 

 'S nach duine dona gan chéill A scarfadh ó chéile sinn 



 Cuirimse croí ar a' phósadh 'S ar bhuachaillí óga an tsaoil 

 Nárbh fhearr dófa cailín deas óg acu Ná bean agus puntaí léi 

 Oíche mhór fhada sa gheimhreadh Nár dheas bheith 'súgradh léi 

 'Bhfarras a' chailleach 'srannfaí 'S í 'tarraingt a' plaincead léi 



 Dé Máirt a rinneadh mo chleamhnas Mo chreach 's m'amhgar géar 

 Ghlac mise comhairle mo mhuintir 'S pairt mhór do m'aimhleas é 

 Pósadh mise gan amhras Ar shamhailt do mhnaoi gan scéimh 

 'S níl aon chailín dá gcasfaí sa ghleann damh Nach rachainn 'un cainte léi 



 Nuair a théimse 'un Aifrinn Dé Domhnaigh 'Sé fhiafraíos gach óigfhear daom 

 'Chormaic, an bhfuil tusa pósta? Ná an airíonn tú an óige 'choích'? 

 'Sé abraim is deirim féin leofa Go n'aireochainn go mór fa-raor 

 'S an méid agaibh atá gan pósadh Gur agaibh atá spórt an tsaoil 



 Ach gheobhaidh mé hata 'gus bróga Agus éireochaidh mé óg arais 

 Agus rachaidh mé amach go Gleann Domhain Sin an áit a bhfuil mórán ban 

 Go bhfaghaidh mé cailín deas óg ann A shiúlas a' ród go glan 

 'S nárbh fhearr liomsa leis na mná móra Ná cailleach Ghleann Domhain 's a  ba 



 extra verses:

 Aisling a chonaic mé aréir ar leaba agus mé i mo luí,  

 Go dtáinig sí chugam mar fhéirín, ainnir na gciabhfholt buí 

 Bhí a órfholt snoite go féar léi, is níl tuile da mhéid nach gclaíodh, 

 Ó is, a Rí, ér mhiste do chléir é, dá gcodlóinn aréir le mnaoi?



 Is trua gan mise is an niamh bheag na leice mílte ó chuan, 

 In oileán an Chlochair Bhig Chraobhaig mar a thiteas na néalta chun suain, 

 An áit a mbíonn an nead ag an éanlaith, an fiolar, an ghéag is an chuach, 

 Chuirfinnse gease ar an éan bheag solas an lae thabhairt uainn



(title translated; Arise And Dress Yourself)

Another Donegal love song where the composer longs desperately to elope with his loved one to a place where he is surrounded only by nature's undisturbed beauty.
Get this song at:
bol.com
amazon.com

Copyrights:

Author: ?

Composer: ?

Publisher: ?

Details:

Language: Irish

Share your thoughts

This form is protected by reCAPTCHA and the Google Privacy Policy and Terms of Service apply.

0 Comments found